An Clár Scrúdain

Introduction

PRÓISEAS GRINNSCRÚDAITHE NA nÚDARÁS ÁITIÚIL

Is é príomhfheidhm de chuid an CNMI ná athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmíocht aonair na n-údarás áitiúil de réir a fheidhmeanna reachtúla faoin Acht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil, 2014. Cuireadh tús leis an bpríomhphróiseas CNMI sin i mí Feabhra 2017 agus tá 32 tuarascáil críochnaithe ag an CNMI, a chríochnaíonn an chéad timthriall den phróiseas sin le hathbhreithniú á dhéanamh ar na húdaráis áitiúla go léir agus na torthaí sin á bhfoilsiú.

Bhí roinnt céimeanna i gceist sa chéad timthriall, lena n-áirítear cruinniú duine-le-duine leis an bPríomhfheidhmeannach agus roinnt ball d’fhoireann Bainistíochta an údaráis áitiúil, Cathaoirleach an CNMI, agus an Rúnaíocht. Ina dhiaidh sin bhí cruinniú idir an Príomhfheidhmeannach agus cuid nó gach ball d’fhoireann Bainistíochta an údaráis áitiúil, bord iomlán an CNMI, agus foilsíodh tuarascáil (Tuarascáil Ghrinnscrúdaithe) ar shuíomh gréasáin an CNMI.

Mar ullmhúchán do na cruinnithe agus mar chuid de na tuarascálacha sin, dhréachtaigh CNMI próifíl chuimsitheach den údarás áitiúil áirithe sin a rinne anailís ar shonraí a fuarthas ó na tuarascálacha éagsúla a rinne CNMI agus ar fhaisnéis eile a bhí ar fáil. Úsáidtear na sonraí a bhailítear chun breathnú ar threochtaí chomh maith le comparáid a dhéanamh idir an chaoi a bhfuil ag éirí le húdaráis áitiúla go náisiúnta.

Chuir an próiseas seo ar chumas an CNMI forbhreathnú cuimsitheach ar an gcaoi a bhfeidhmíonn údaráis áitiúla a chur i láthair don phobal, ag cur béime ar ghnéithe dearfacha agus diúltacha araon. Thug sé deis freisin samplaí de dhea-chleachtais a aithint a d’fhéadfaí a roinnt le húdaráis áitiúla eile agus a d’fhéadfadh a bheith mar chuid de Sheimineár Bliantúil an CNMI maidir le Dea-Chleachtas sa Rialtas Áitiúil.

Cuirtear torthaí na gcruinnithe sin ar fáil sna Tuarascálacha Grinnscrúdaithe, arna bhfoilsiú ag an CNMI agus ar fáil ag https://www.noac.ie/publications/

Tar éis an chéad timthriall a thabhairt chun críche, rinne an CNMI athbhreithniú ar an bpróiseas grinnscrúdaithe agus chomhaontaigh sé ar chóras nua, a cheadódh cur chuige níos struchtúrtha agus níos córasaí chun athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmíocht na n-údarás áitiúil.

Leanann cruinnithe próiseas níos struchtúrtha, cosúil le formáid Comhchoiste Oireachtais, agus déantar iad a thaifeadadh agus a uaslódáil chuig suíomh gréasáin an CNMI. Ina theannta sin, ullmhaítear tras-scríbhinn de gach cruinniú agus uaslódáiltear é chuig an suíomh gréasáin a cheadaíonn breis trédhearcachta maidir leis an bpróiseas don phobal.

Mar chuid de chruthú an Phróisis Ghrinnscrúdaithe nuashonraithe, forbraíodh doiciméad prótacail, atá ar fáil ar shuíomh gréasáin an CNMI, ag déanamh cur síos ar an bpróiseas nua. Is éard atá i gceist leis an bPróiseas nuashonraithe ná cruinniú idir Príomhfheidhmeannach gach údaráis áitiúil, cuid nó gach ball dá bhfoireann bainistíochta, agus bord an CNMI.

Is féidir leat teacht ar thuarascálacha aonair na n-údarás áitiúil anseo a leanas.

Is féidir leat teach tar thuarascálacha iniúchta aonair na núdarás áitiúil ag na nithe seo a leanas: