
Michael McCarthy (Cathaoirleach)
Is é Michael Stiúrthóir Bhonneagar Néalta na hÉireann. Ceapadh é mar Chathaoirleach ar an gCoimisiún Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta i mí Mheán Fómhair 2018. Toghadh é ina Theachta Dála do thoghcheantar Chorcaí Thiar Theas ó 2011 go dtí 2016. Tá sé ina iarchomhalta de Choiste um Chuntais Phoiblí na Dála. Toghadh é go Seanad Éireann don tréimhse 2002-2011. Bhí Michael ina chomhalta tofa de Chomhairle Contae Chorcaí ó 1999 go dtí 2003.

Brian Cawley
Iar-Ardstiúrthóir de chuid na hInstitiúide Riaracháin Poiblí (IPA) is ea Brian, agus oibríonn sé faoi láthair mar chomhairleoir neamhspleách i réimsí amhail athchóiriú na hearnála poiblí agus an bhainistíocht cheannaireachta agus athraithe. Tá raon leathan cliant aige in Éirinn, san Aontas Eorpach agus ar fud an domhain. Tá taithí fhairsing aige ar obair le comhlachtaí rialtais láir agus áitiúil in Éirinn.
Céimí de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus Ollscoil Leicester é Brian, agus tá MSc aige san Oiliúint agus Forbairt, chomh maith le Dochtúireacht sna hEolaíochtaí Sóisialta.

Fiona Quinn
Is í Fiona Oifigeach an Aire agus is Rúnaí Cúnta í sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Is í Fiona atá freagrach as an Rannán Rialtais Áitiúil ag déanamh maoirsiú ar fhorbairt agus ar chur i bhfeidhm éifeachtacht agus nuachóiriú an chláir oibre don earnáil rialtais áitiúil.

Margaret Lane
Is cóitseálaí feidhmiúcháin í Margaret agus tá taithí fhairsing aici ar airgeadas agus AD ar fud na n-earnálacha tráchtála, leath-stáit agus poiblí. Bhí post aici mar Stiúrthóir Straitéiseach AD, Ervia (máthairchuideachta do Líonraí Gáis Eireann agus Uisce Eireann). I measc na bpost a bhí aici roimhe seo bhí Róil Feidhmiúcháin AD, Bord Gais Group, Comhairle Cathrach Chorcaí. I measc na bpost eile atá aici, tá sí ina ball de Choiste Iniúchóireachta an NSSO agus tá taithí luachmhar aici mar atá sí ina cathaoirleach ar an gCoiste Iniúchóireachta in Oifig an Ombudsman faoi láthair.

Niall Quinn
Is abhcóide cleachtach agus Idirghabhálaí Creidiúnaithe é Niall. Sular thosaigh sé ag cleachtadh sa Chúirt agus a chuid oibre mar idighabhálaí bhí sé ina speisialtóir cumarsáide ar feadh 20 bliain. Is iar-Uachtarán é ar an Institiúid um Chaidreamh Poiblí in Éirinn (PRII) agus Stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin ar Chumann na Sainchomhairleoirí Caidrimh Phoiblí, leanann sé ag léachtóireacht sa chumarsáid straitéiseach agus sa chumarsáid ghéarchéime ag an PRII agus ag gabháil do thascanna cumarsáide straitéiseach. Is céimí BSc (Mgmt) é ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, rinne sé staidéar ar an dlí ag Óstaí an Rí, Baile Átha Cliath agus glacadh leis mar abhcóide i 2015.

Declan Breathnach
Bhí Declan ina chomhalta den Choiste Parlaiminteach um Buiséad agus Formhaoirsiú, Leaschathaoirleach Choiste Feidhmithe Chomhaontú Aoine an Chéasta agus cathaoirleach ar Chumann Parlaiminteach na Breataine-na hÉireann. Ball tofa de Chomhairle Contae Lú ba ea é idir 1991 agus 2016 agus bhí sé i mbun seirbhíse mar Theachta Dála do Lú idir 2016 agus 2020. Iarmhúinteoir bunscoile agus Príomhoide is ea é, agus tá breis is 40 bliain caite ag Declan i mbun seirbhíse poiblí.

Noel Harrington
I láthair na huaire tá Noel ag obair mar Bhainisteoir Oifige agus Máistir Poist in An Post, Baile Chaisleáin Bhéarra, Co. Chorcaí. Ball tofa de Chomhairle Contae Chorcaí ba ea é idir 1999 agus 2011 agus toghadh é mar chomhalta de Dháil Éireann agus bhí sé i mbun seirbhíse ansin idir 2011 agus 2016. I measc na ról eile a bhí aige bhí Comhalta de Choiste an Oireachtais maidir le Maoirseacht Phoiblí agus Achainíocha, Cathaoirleach Chomhairle Contae Chorcaí, Cathaoirleach Údarás Réigiúnach an Iar-Dheiscirt, Cathaoirleach Ghrúpa Beartais Chorparáidigh Chontae Chorcaí agus Comhalta de Bhord Fiontair Áitiúil Iarthar agus Thuaisceart Chorcaí.

Ciarán Hayes
Chuaigh Ciarán Hayes ar scor mar Phríomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Shligigh ar an 1 Eanáir 2021 tar éis gairm bheatha 42 bliain ar fud cúig Údarás Áitiúil lena n-áirítear Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Comhairle Contae Chill Chainnigh, Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath agus Bardas Dhún Laoghaire. Tá Céim BA aige i mBainistíocht Phoiblí agus Ard-Dioplóma i Staidéar Ríomhaireachta agus faoi láthair tá sé ag tabhairt faoi Chomhaltacht in Ollscoil Harvard ag déanamh staidéir ar Athrú Aeráide. Chomh maith lena ról mar Phríomhfheidhmeannach i Sligeach, bhí sé i gceannas ar fhreagairt an Rialtais Áitiúil ar Athrú Aeráide agus ar bhunú Oifigí Réigiúnacha um Ghníomhú Aeráide (CARO). Is Comhalta Sinsearach é Ciarán ag Ollscoil Harvard agus tá 'Ciarán Hayes Consultancy' bunaithe aige le fócas ar Ghníomhú Aeráide.

Kathleen Holohan
Is iar-Phríomhfheidhmeannach í Kathleen ar Chomhairle Contae Cheatharlach (ar scor i mí Dheireadh Fómhair 2022) tar éis gairmréim 45 bliain sa rialtas áitiúil le breis agus 20 bliain de thaithí ag leibhéal na bainistíochta sinsearaí lena n-áirítear 8 mbliana mar Leas-Phríomhfheidhmeannach i gComhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin. Tá BA aici i mBainistíocht agus MSc i gCleachtas Bainistíochta agus is ball í de Choiste Iniúchta agus Riosca Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt agus is Cathaoirleach í ar VISUAL agus ar Amharclann George Bernard Shaw.
Iar-Chomhaltaí Boird an Choimisiúin

Michael McCarthy (Cathaoirleach)
Tá Michael ina Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Chumann Grianfhuinnimh na hÉireann. Ceapadh é mar Chathaoirleach ar an gCoimisiún Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta i mí Mheán Fómhair 2018. Toghadh é ina Theachta Dála do thoghcheantar Chorcaí Thiar Theas ó 2011 go dtí 2016. Tá sé ina iarchomhalta de Choiste um Chuntais Phoiblí na Dála. Toghadh é go Seanad Éireann don tréimhse 2002-2011. Bhí Michael ina chomhalta tofa de Chomhairle Contae Chorcaí ó 1999 go dtí 2003.

Brian Cawley
Iar-Ardstiúrthóir de chuid na hInstitiúide Riaracháin Poiblí (IPA) is ea Brian, agus oibríonn sé faoi láthair mar chomhairleoir neamhspleách i réimsí amhail athchóiriú na hearnála poiblí agus an bhainistíocht cheannaireachta agus athraithe. Tá raon leathan cliant aige in Éirinn, san Aontas Eorpach agus ar fud an domhain. Tá taithí fhairsing aige ar obair le comhlachtaí rialtais láir agus áitiúil in Éirinn.
Céimí de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus Ollscoil Leicester é Brian, agus tá MSc aige san Oiliúint agus Forbairt, chomh maith le Dochtúireacht sna hEolaíochtaí Sóisialta.

Fiona Quinn
Is í Fiona Oifigeach an Aire agus is Rúnaí Cúnta í sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Is í Fiona atá freagrach as an Rannán Rialtais Áitiúil ag déanamh maoirsiú ar fhorbairt agus ar chur i bhfeidhm éifeachtacht agus nuachóiriú an chláir oibre don earnáil rialtais áitiúil.

Margaret Lane
Is cóitseálaí feidhmiúcháin í Margaret agus tá taithí fhairsing aici ar airgeadas agus AD ar fud na n-earnálacha tráchtála, leath-stáit agus poiblí. Bhí post aici mar Stiúrthóir Straitéiseach AD, Ervia (máthairchuideachta do Líonraí Gáis Eireann agus Uisce Eireann). I measc na bpost a bhí aici roimhe seo bhí Róil Feidhmiúcháin AD, Bord Gais Group, Comhairle Cathrach Chorcaí. I measc na bpost eile atá aici, tá sí ina ball de Choiste Iniúchóireachta an NSSO agus tá taithí luachmhar aici mar atá sí ina cathaoirleach ar an gCoiste Iniúchóireachta in Oifig an Ombudsman faoi láthair.

Niall Quinn
Is abhcóide cleachtach agus Idirghabhálaí Creidiúnaithe é Niall. Sular thosaigh sé ag cleachtadh sa Chúirt agus a chuid oibre mar idighabhálaí bhí sé ina speisialtóir cumarsáide ar feadh 20 bliain. Is iar-Uachtarán é ar an Institiúid um Chaidreamh Poiblí in Éirinn (PRII) agus Stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin ar Chumann na Sainchomhairleoirí Caidrimh Phoiblí, leanann sé ag léachtóireacht sa chumarsáid straitéiseach agus sa chumarsáid ghéarchéime ag an PRII agus ag gabháil do thascanna cumarsáide straitéiseach. Is céimí BSc (Mgmt) é ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, rinne sé staidéar ar an dlí ag Óstaí an Rí, Baile Átha Cliath agus glacadh leis mar abhcóide i 2015.

Declan Breathnach
Declan has been a member of the Parliamentary Budgetary and Oversight Committee, Vice Chairperson of the Good Friday Agreement Implementation Committee and Vice chairperson of the British-Irish Parliamentary Association. He was a member of Louth County Council from 1991 to 2016 and served as Dáil Deputy for Louth from 2016 to 2020. A former Primary school teacher and Principal, Declan has over 40 years of public service.

Noel Harrington
I láthair na huaire tá Noel ag obair mar Bhainisteoir Oifige agus Máistir Poist in An Post, Baile Chaisleáin Bhéarra, Co. Chorcaí. Ball tofa de Chomhairle Contae Chorcaí ba ea é idir 1999 agus 2011 agus toghadh é mar chomhalta de Dháil Éireann agus bhí sé i mbun seirbhíse ansin idir 2011 agus 2016. I measc na ról eile a bhí aige bhí Comhalta de Choiste an Oireachtais maidir le Maoirseacht Phoiblí agus Achainíocha, Cathaoirleach Chomhairle Contae Chorcaí, Cathaoirleach Údarás Réigiúnach an Iar-Dheiscirt, Cathaoirleach Ghrúpa Beartais Chorparáidigh Chontae Chorcaí agus Comhalta de Bhord Fiontair Áitiúil Iarthar agus Thuaisceart Chorcaí.

Ciarán Hayes
Chuaigh Ciarán Hayes ar scor mar Phríomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Shligigh ar an 1 Eanáir 2021 tar éis gairm bheatha 42 bliain ar fud cúig Údarás Áitiúil lena n-áirítear Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Comhairle Contae Chill Chainnigh, Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath agus Bardas Dhún Laoghaire. Tá Céim BA aige i mBainistíocht Phoiblí agus Ard-Dioplóma i Staidéar Ríomhaireachta agus faoi láthair tá sé ag tabhairt faoi Chomhaltacht in Ollscoil Harvard ag déanamh staidéir ar Athrú Aeráide. Chomh maith lena ról mar Phríomhfheidhmeannach i Sligeach, bhí sé i gceannas ar fhreagairt an Rialtais Áitiúil ar Athrú Aeráide agus ar bhunú Oifigí Réigiúnacha um Ghníomhú Aeráide (CARO). Is Comhalta Sinsearach é Ciarán ag Ollscoil Harvard agus tá 'Ciarán Hayes Consultancy' bunaithe aige le fócas ar Ghníomhú Aeráide.

Kathleen Holohan
Is iar-Phríomhfheidhmeannach í Kathleen ar Chomhairle Contae Cheatharlach (ar scor i mí Dheireadh Fómhair 2022) tar éis gairmréim 45 bliain sa rialtas áitiúil le breis agus 20 bliain de thaithí ag leibhéal na bainistíochta sinsearaí lena n-áirítear 8 mbliana mar Leas-Phríomhfheidhmeannach i gComhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin. Tá BA aici i mBainistíocht agus MSc i gCleachtas Bainistíochta agus is ball í de Choiste Iniúchta agus Riosca Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt agus is Cathaoirleach í ar VISUAL agus ar Amharclann George Bernard Shaw.
Iar-Chomhaltaí Boird an Choimisiúin
Folúntais faoi Láthair ar Bhord an Choimisiúin Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta
Folúntais NOAC a fhógairt mar is gá ag StateBoards.ie