Cúlra agus struchtúr

Cúlra agus struchtúr

Ráiteas Misin an Choimisiúin Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta

Déanfaidh an Coimisiún maoirseacht neamhspleách ar an earnáil rialtais áitiúil trí athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmíocht airgeadais agus oibríochtúil na gcomhlachtaí faoina shainchúram, maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme beartas náisiúnta rialtais áitiúil agus deiseanna a aithint le haghaidh dea-chleachtais

 

Treoirphrionsabail an Choimisiúin Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta

Tá an Coimisiún tiomanta d’ionracas agus cothroime ar an gcaighdeán is airde agus a chuid dualgas á gcomhlíonadh aige.

Cúlra

Is comhlacht reachtúil é an Coimisiún Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta, a bunaíodh faoi ordú ón Aire faoi alt 126B den Acht Rialtas Áitiúil 2014, chun maoirseacht a dhéanamh ar an earnáil rialtais áitiúil.

Tá raon leathan feidhmeanna reachtúla ag an gCoimisiún, agus éilítear air an méid seo a leanas a dhéanamh go sonrach:

  • Grinnscrúdú a dhéanamh ar fheidhmíocht aon chomhlachta rialtais áitiúil i gcoinne táscairí ábhartha arna roghnú ag an gCoimisiún (agus seirbhís do chustaiméirí san áireamh) nó arna bhforordú i rialacháin ón Aire;

  • Grinnscrúdú a dhéanamh ar fheidhmíocht airgeadais, lena n-áirítear Luach ar Airgead, aon chomhlachta rialtais áitiúil i leith a chuid acmhainní airgeadais;
  • Tacú le dea-chleachtas (forbairt agus feabhsú) agus a gcuid feidhmeanna á gcomhlíonadh ag comhlachtaí rialtais áitiúil;

  • Faireachán agus measúnú a dhéanamh ar a mhéid a chloítear le Comhaontuithe Seirbhíse arna ndéanamh ag aon chomhlacht rialtais áitiúil;
  • Maoirseacht a dhéanamh ar an gcaoi a gcuireann comhlachtaí rialtais áitiúil an beartas náisiúnta rialtais áitiúil chun feidhme;

  • Faireachán agus measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme an athchóirithe ar an tseirbhís phoiblí ag comhlacht rialtais áitiúil nó go ginearálta;

  • Faireachán a dhéanamh ar leordhóthanacht na bpleananna corparáideacha arna n-ullmhú ag Tionóil Réigiúnacha agus comhairlí agus measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme na bpleananna sin ag aon chomhlacht rialtais áitiúil nó go ginearálta;
  • Céimeanna a ghlacadh faoina fheidhmeanna eile chun críche tuarascáil ar bith arna hiarraidh faoin Acht a sholáthar, chomh maith le tuarascálacha a sholáthar ar a thionscnamh féin; agus
  • Aon fheidhmeanna breise a chomhlíonadh, a thugtar dó faoi ordú ón Aire.

Cur chuige agus Cuspóirí an Choimisiúin Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta

Agus a shainordú á chur chun feidhme ag an gCoimisiún, tá sé d’aidhm aige:

  • É féin a bhunú ina ról agus caidreamh oibre a chruthú lena pháirtithe leasmhara, lena n-áirítear an Roinn Tithíochta,Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta na Príomhfheidhmeannaigh agus comhaltaí tofa na n-údarás áitiúil.
  • Grinnscrúdú bunaithe ar fhianaise a dhéanamh, lena soláthrófar tuarascálacha ábhartha ar ardchaighdeán, atá oibiachtúil agus cothrom, lena gcuirfear ar chumas na hearnála rialtais áitiúil a feidhmíocht a fheabhsú, agus lena gcuirfear le cultúr reatha an fheabhsaithe leanúnaigh agus lena ndaingneofar an dea-chleachtas laistigh den chóras ina iomláine.
  • Luach a chur leis an earnáil rialtais áitiúil agus moltaí a sholáthar chun cur leis na héifeachtúlachtaí agus na coigiltis a baineadh amach san earnáil go dtí seo, agus béim á cur ar sheirbhís do chustaiméirí agus cost-éifeachtúlacht
  • Cur chuige comhoibríoch a chur ar bun leis na comhlachtaí agus gníomhaireachtaí ábhartha atá ag croílár obair an Choimisiúin.

  • Na gnéithe sin d’fheidhmeanna agus gníomhaíochtaí údaráis áitiúil atá tábhachtach don saoránach/chustaiméir a shainaithint agus díriú orthu.
  • Caidreamh a éascú le feidhmíocht fheabhsaithe, agus Faireachán a dhéanamh ar leordhóthanacht phleananna corparáideacha na n-údarás áitiúil agus measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil na pleananna sin á gcur chun feidhme.

I measc phríomhghníomhaíochtaí an Choimisiúin tá Táscairí Feidhmíochta, Pleananna Corparáideacha, Cód Caiteachais Phoiblí agus an Clár Grinnscrúdaithe/Cruinnithe Próifíle.

Déanann roinnt grúpaí oibre tromlach na hoibre don Choimisiún, a bunaíodh chun díriú ar réimsí áirithe agus chun tionscadail éagsúla a bhrú ar aghaidh. Is iad sin:

  • GO1: - Rialachas, Éifeachtúlacht agus Athchóiriú Rialtais Áitiúil

  • GO2: - Táscairí Feidhmíochta

  • GO3: - Cumarsáid agus Suirbhé Custaiméirí

  • GO4: - Feidhmíocht agus Bainistíocht Airgeadais

Déanann an Cathaoirleach obair eile an Choimisiúin go díreach é/í féin.

Is í an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta a sholáthraíonn seirbhísí rúnaíochta agus seirbhísí coimhdeacha don Choimisiún. Tá oibríochtaí an Choimisiúin neamhspleách áfach, mar a éilítear sa reachtaíocht.