COMHALTAÍ AN BHOIRD

Cuir aithne ar Chomhaltaí Boird an Choimisiúin

Cuir aithne ar Chomhaltaí Boird an Choimisiúin

Head and Shoulders (1)

Michael McCarthy (Cathaoirleach)

Ceapadh Michael ina Chathaoirleach ar an gCoimisiún Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta i Meán Fómhair 2018 agus athcheapadh é ina ról i Meán Fómhair 2023. Tá Michael ina Stiúrthóir ar Cloud Infrastructure Ireland agus ina Chathaoirleach ar Sophia Housing Association. Bhí Michael ina chomhalta tofa de Chomhairle Contae Chorcaí ó 1999 go 2003, de Sheanad Éireann do 2002-2011 agus de Dháil Éireann do dháilcheantar Chorcaí Thiar Theas ó 2011 go 2016. Bhí sé ina chomhalta freisin ar Choiste um Chuntais Phoiblí na Dála.

Mr Brian Cawley

Brian Cawley

Iar-Ardstiúrthóir de chuid na hInstitiúide Riaracháin Poiblí (IPA) is ea Brian, agus oibríonn sé faoi láthair mar chomhairleoir neamhspleách i réimsí amhail athchóiriú na hearnála poiblí agus an bhainistíocht cheannaireachta agus athraithe. Tá raon leathan cliant aige in Éirinn, san Aontas Eorpach agus ar fud an domhain. Tá taithí fhairsing aige ar obair le comhlachtaí rialtais láir agus áitiúil in Éirinn.
Céimí de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus Ollscoil Leicester é Brian, agus tá MSc aige san Oiliúint agus Forbairt, chomh maith le Dochtúireacht sna hEolaíochtaí Sóisialta.

Fiona Quinn Headshot

Fiona Quinn

Is í Fiona Oifigeach an Aire agus is Rúnaí Cúnta í sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Is í Fiona atá freagrach as an Rannán Rialtais Áitiúil ag déanamh maoirsiú ar fhorbairt agus ar chur i bhfeidhm éifeachtacht agus nuachóiriú an chláir oibre don earnáil rialtais áitiúil.

 

margaret lane NOAC

Margaret Lane

Is cóitseálaí feidhmiúcháin í Margaret agus tá taithí fhairsing aici ar airgeadas agus AD ar fud na n-earnálacha tráchtála, leath-stáit agus poiblí. Bhí post aici mar Stiúrthóir Straitéiseach AD, Ervia (máthairchuideachta do Líonraí Gáis Eireann agus Uisce Eireann). I measc na bpost a bhí aici roimhe seo bhí Róil Feidhmiúcháin AD, Bord Gais Group, Comhairle Cathrach Chorcaí. I measc na bpost eile atá aici, tá sí ina ball de Choiste Iniúchóireachta an NSSO agus tá taithí luachmhar aici mar atá sí ina cathaoirleach ar an gCoiste Iniúchóireachta in Oifig an Ombudsman faoi láthair.

imageedit_1_2404933515

Miriam McDonald

Is Stiúrthóir Margaíochta/Speisialtóir Sármhaitheasa do Chustaiméirí í Miriam McDonald atá gairmiúil, le taithí agus an-chumasach. Is Comhalta den Institiúid Margaíochta í agus d’oibrigh sí roimhe seo mar Cheann Bainistíochta Custaiméara, BSL, Príomhfheidhmeannach na hInstitiúide Margaíochta agus mar Cheannaire Cumarsáide ar an gComhlacht Comhairleach Uisce. Tá céim BA aici agus Céim Céime de chuid na hInstitiúide Margaíochta aici agus tá sí ina comhalta Boird de Dyspraxia/DCD Ireland.

Declan Breathnach

Declan Breathnach

Bhí Declan ina chomhalta den Choiste Parlaiminteach um Buiséad agus Formhaoirsiú, Leaschathaoirleach Choiste Feidhmithe Chomhaontú Aoine an Chéasta agus cathaoirleach ar Chumann Parlaiminteach na Breataine-na hÉireann. Ball tofa de Chomhairle Contae Lú ba ea é idir 1991 agus 2016 agus bhí sé i mbun seirbhíse mar Theachta Dála do Lú idir 2016 agus 2020. Iarmhúinteoir bunscoile agus Príomhoide is ea é, agus tá breis is 40 bliain caite ag Declan i mbun seirbhíse poiblí.

NH Profile Picture

Noel Harrington

I láthair na huaire tá Noel ag obair mar Bhainisteoir Oifige agus Máistir Poist in An Post, Baile Chaisleáin Bhéarra, Co. Chorcaí.  Ball tofa de Chomhairle Contae Chorcaí ba ea é idir 1999 agus 2011 agus toghadh é mar chomhalta de Dháil Éireann agus bhí sé i mbun seirbhíse ansin idir 2011 agus 2016. I measc na ról eile a bhí aige bhí Comhalta de Choiste an Oireachtais maidir le Maoirseacht Phoiblí agus Achainíocha, Cathaoirleach Chomhairle Contae Chorcaí, Cathaoirleach Údarás Réigiúnach an Iar-Dheiscirt, Cathaoirleach Ghrúpa Beartais Chorparáidigh Chontae Chorcaí agus Comhalta de Bhord Fiontair Áitiúil Iarthar agus Thuaisceart Chorcaí.

CH Snipped

Ciarán Hayes

Tá Ciarán bunaitheoir agus Príomhoide ar Ciarán Hayes Consultancy Ltd. agus ina Chomhalta Boird d’Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI). Tá Céim BA aige i mBainistíocht Phoiblí, Ard-Dioplóma i Staidéar Ríomhaireachta agus chríochnaigh sé Comhaltacht Shinsearach in Ollscoil Harvard ag déanamh taighde ar athrú aeráide i mí na Nollag 2022. D’oibrigh sé i gcúig Údarás Áitiúla ar feadh a ghairm bheatha, tá os cionn 20 bliain de thaithí bainistíochta sinsearaí aige san earnáil Áitiúil. Earnáil an Rialtais, agus d’éirigh sé as mar Phríomhfheidhmeannach ar Chomhairle Contae Shligigh in 2021. Mar Phríomhfheidhmeannach agus thar ceann na hearnála, stiúraigh sé freagairt an Rialtais Áitiúil ar an Athrú Aeráide agus bunú Oifigí Réigiúnacha um Ghníomhaíocht Aeráide (CARO).

imageedit_1_2837253884

Kathleen Holohan

Is iar-Phríomhfheidhmeannach í Kathleen ar Chomhairle Contae Cheatharlach (ar scor i mí Dheireadh Fómhair 2022) tar éis gairmréim 45 bliain sa rialtas áitiúil le breis agus 20 bliain de thaithí ag leibhéal na bainistíochta sinsearaí lena n-áirítear 8 mbliana mar Leas-Phríomhfheidhmeannach i gComhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin. Tá BA aici i mBainistíocht agus MSc i gCleachtas Bainistíochta agus is ball í de Choiste Iniúchta agus Riosca Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt agus is Cathaoirleach í ar VISUAL agus ar Amharclann George Bernard Shaw.

Iar-Chomhaltaí Boird an Choimisiúin

Head and Shoulders (1)

Michael McCarthy (Cathaoirleach)

Tá Michael ina Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Chumann Grianfhuinnimh na hÉireann. Ceapadh é mar Chathaoirleach ar an gCoimisiún Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta i mí Mheán Fómhair 2018. Toghadh é ina Theachta Dála do thoghcheantar Chorcaí Thiar Theas ó 2011 go dtí 2016. Tá sé ina iarchomhalta de Choiste um Chuntais Phoiblí na Dála. Toghadh é go Seanad Éireann don tréimhse 2002-2011. Bhí Michael ina chomhalta tofa de Chomhairle Contae Chorcaí ó 1999 go dtí 2003.

Mr Brian Cawley

Brian Cawley

Iar-Ardstiúrthóir de chuid na hInstitiúide Riaracháin Poiblí (IPA) is ea Brian, agus oibríonn sé faoi láthair mar chomhairleoir neamhspleách i réimsí amhail athchóiriú na hearnála poiblí agus an bhainistíocht cheannaireachta agus athraithe. Tá raon leathan cliant aige in Éirinn, san Aontas Eorpach agus ar fud an domhain. Tá taithí fhairsing aige ar obair le comhlachtaí rialtais láir agus áitiúil in Éirinn.
Céimí de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus Ollscoil Leicester é Brian, agus tá MSc aige san Oiliúint agus Forbairt, chomh maith le Dochtúireacht sna hEolaíochtaí Sóisialta.

Fiona Quinn Headshot

Fiona Quinn

Is í Fiona Oifigeach an Aire agus is Rúnaí Cúnta í sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Is í Fiona atá freagrach as an Rannán Rialtais Áitiúil ag déanamh maoirsiú ar fhorbairt agus ar chur i bhfeidhm éifeachtacht agus nuachóiriú an chláir oibre don earnáil rialtais áitiúil.

margaret lane NOAC

Margaret Lane

Is cóitseálaí feidhmiúcháin í Margaret agus tá taithí fhairsing aici ar airgeadas agus AD ar fud na n-earnálacha tráchtála, leath-stáit agus poiblí. Bhí post aici mar Stiúrthóir Straitéiseach AD, Ervia (máthairchuideachta do Líonraí Gáis Eireann agus Uisce Eireann). I measc na bpost a bhí aici roimhe seo bhí Róil Feidhmiúcháin AD, Bord Gais Group, Comhairle Cathrach Chorcaí. I measc na bpost eile atá aici, tá sí ina ball de Choiste Iniúchóireachta an NSSO agus tá taithí luachmhar aici mar atá sí ina cathaoirleach ar an gCoiste Iniúchóireachta in Oifig an Ombudsman faoi láthair.

imageedit_1_2404933515

Miriam Mc Donald

Is Stiúrthóir Margaíochta/Speisialtóir Sármhaitheasa do Chustaiméirí í Miriam McDonald atá gairmiúil, le taithí agus an-chumasach. Is Comhalta den Institiúid Margaíochta í agus d’oibrigh sí roimhe seo mar Cheann Bainistíochta Custaiméara, BSL, Príomhfheidhmeannach na hInstitiúide Margaíochta agus mar Cheannaire Cumarsáide ar an gComhlacht Comhairleach Uisce. Tá céim BA aici agus Céim Céime de chuid na hInstitiúide Margaíochta aici agus tá sí ina comhalta Boird de Dyspraxia/DCD Ireland.

Declan Breathnach

Declan Breathnach

Declan has been a member of the Parliamentary Budgetary and Oversight Committee, Vice Chairperson of the Good Friday Agreement Implementation Committee and Vice chairperson of the British-Irish Parliamentary Association. He was a member of Louth County Council from 1991 to 2016 and served as Dáil Deputy for Louth from 2016 to 2020. A former Primary school teacher and Principal, Declan has over 40 years of public service.

NH Profile Picture

Noel Harrington

I láthair na huaire tá Noel ag obair mar Bhainisteoir Oifige agus Máistir Poist in An Post, Baile Chaisleáin Bhéarra, Co. Chorcaí.  Ball tofa de Chomhairle Contae Chorcaí ba ea é idir 1999 agus 2011 agus toghadh é mar chomhalta de Dháil Éireann agus bhí sé i mbun seirbhíse ansin idir 2011 agus 2016. I measc na ról eile a bhí aige bhí Comhalta de Choiste an Oireachtais maidir le Maoirseacht Phoiblí agus Achainíocha, Cathaoirleach Chomhairle Contae Chorcaí, Cathaoirleach Údarás Réigiúnach an Iar-Dheiscirt, Cathaoirleach Ghrúpa Beartais Chorparáidigh Chontae Chorcaí agus Comhalta de Bhord Fiontair Áitiúil Iarthar agus Thuaisceart Chorcaí.

CH Snipped

Ciarán Hayes

Chuaigh Ciarán Hayes ar scor mar Phríomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Shligigh ar an 1 Eanáir 2021 tar éis gairm bheatha 42 bliain ar fud cúig Údarás Áitiúil lena n-áirítear Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Comhairle Contae Chill Chainnigh, Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath agus Bardas Dhún Laoghaire. Tá Céim BA aige i mBainistíocht Phoiblí agus Ard-Dioplóma i Staidéar Ríomhaireachta agus faoi láthair tá sé ag tabhairt faoi Chomhaltacht in Ollscoil Harvard ag déanamh staidéir ar Athrú Aeráide. Chomh maith lena ról mar Phríomhfheidhmeannach i Sligeach, bhí sé i gceannas ar fhreagairt an Rialtais Áitiúil ar Athrú Aeráide agus ar bhunú Oifigí Réigiúnacha um Ghníomhú Aeráide (CARO). Is Comhalta Sinsearach é Ciarán ag Ollscoil Harvard agus tá 'Ciarán Hayes Consultancy' bunaithe aige le fócas ar Ghníomhú Aeráide.

imageedit_1_2837253884

Kathleen Holohan

Is iar-Phríomhfheidhmeannach í Kathleen ar Chomhairle Contae Cheatharlach (ar scor i mí Dheireadh Fómhair 2022) tar éis gairmréim 45 bliain sa rialtas áitiúil le breis agus 20 bliain de thaithí ag leibhéal na bainistíochta sinsearaí lena n-áirítear 8 mbliana mar Leas-Phríomhfheidhmeannach i gComhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin. Tá BA aici i mBainistíocht agus MSc i gCleachtas Bainistíochta agus is ball í de Choiste Iniúchta agus Riosca Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt agus is Cathaoirleach í ar VISUAL agus ar Amharclann George Bernard Shaw.

Iar-Chomhaltaí Boird an Choimisiúin

Folúntais faoi Láthair ar Bhord an Choimisiúin Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta

Folúntais NOAC a fhógairt mar is gá ag StateBoards.ie